CLÁR FORBARTHA GEARRSCANNÁN FAISNÉISE GAEILGE
TREOIRLÍNTE
Tionscnamh de chuid Docs Ireland, i gcomhar le Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí, le tacaíocht ó An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála – Chiste na nOileán Roinnte, TG4, BBC Thuaisceart Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, agus Fís Éireann.
- Is é is Lasair ann ná clár le gearrscannáin faisnéise ardchaighdeáin, scéaldírithe, a fhorbairt i nGaeilge. Tá an scéim oscailte do scannánóirí ag gach céim dá ngairmréim, ó thallann a bheadh ag teacht chun cinn go dtí scannánóirí seanbhunaithe.
- Tá an scéim bunaithe ar thionscadail. Is féidir tionscadail a bheith ag céim an choinceapa nó ag céim luath forbartha. Is é is aidhm le Lasair ná smaointe neamhfhicsin a fhorbairt ina dtionscadail láidre mhionsonraithe forbartha, réidh lena léiriú i nGaeilge.
- Roghnófar suas le deich dtionscadal san iomlán. Ag deireadh an chláir oiliúna, déanfaidh lucht gach tionscadail cur i láthair d’fhonn deis a fháil teacht i dtír ar mhaoiniú léiriúcháin dá scannán.
- Ní mór gur i nGaeilge, go príomha, a bheadh aon scannán a léireofar.
- Cuirfear fáilte roimh iarratais ó fhoirne stiúrthóir/léiritheoir, stiúrthóir/scríbhneoir, comhstiúrthóir agus stiúrthóir aonair. Ní mór ainm gach baill foirne, sa ról atá beartaithe dó nó di, a bheith luaite roimhe seo le haon chlár faisnéise amháin, ar a laghad (clár gairid, meánfhaid nó fada). Ní mór go mbeadh líofacht láidir sa Ghaeilge ag ball foirne amháin, ar a laghad.
- Breithneofar ar chláir ghairide den uile sheánra, den uile inneachar téamach agus ar gach ábhar agus tabharfar tús áite do chláir faisnéise a mbeadh cur chuige soiléir cineamatach ag baint leo, mar aon le tarraingt idirnáisiúnta.
Chun críche na scéime, beidh muid ag breithniú ar thionscadail dar fad 40 bomaite nó níos lú. - Ba cheart tionscadail a bheith ag céim an choincheapa nó ag céim luath forbartha. Is buntáiste é taighde a bheith déanta ar an ábhar, agus ní mór bealach soiléir le rochtain a fháil ar rannpháirtithe ar scáileán, ábhar cartlainne agus ábhar eile a léiriú i d’iarratas.
- Glacfar le hiarratais iolracha ach ní féidir ach iarratas amháin in aghaidh an duine a roghnú don chlár.
- Cuirfear fáilte roimh thionscadail a mbeadh téama trasteorann ag baint leo.
- Tá na hiarratais oscailte do scannánóirí atá lonnaithe ar oileán na hÉireann.
- Ní bheidh mic léinn lánaimseartha incháilithe don chlár oiliúna.
- Déanfar iarratais a mheas ar úrnuacht agus ar neart cruthaitheach an tionscadail, agus ar theist chruthaitheach na n-iarratasóirí. Déanfaidh muid achan iarracht cothroime inscne agus ionadaíocht chomhionann ó Phoblacht na hÉireann agus ó Thuaisceart Éireann a bhaint amach sa roghnú deiridh don chlár seo.
- Is é an spriocdháta le tionscadail Lasair a chur isteach ná Dé hAoine, an 10ú Aibreán ar 5pm. Tá an fhoirm iarratais don scéim ar fáil ar ár suíomh idirlín, i mBéarla agus i nGaeilge. Beidh muid ag glacadh le hiarratais go príomha tríd an fhoirm iarratais, ach dá mb’fhearr leat cur i láthair físe a chur isteach mar iarratas, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le roisin@docsireland.ie chun leis seo a eagrú.
- Reáchtálfar an clár oiliúna thar na dátaí seo a leanas in 2026:
- Bealtaine 2026: Lá Oiliúna Lasair ar líne 1 – Ar líne
- 17-20 Meitheamh 2026: Laethanta oiliúna ar an láthair ag Docs Ireland – Lár Chathair Bhéal Feirste
- Lúnasa 2026: Lá Oiliúna Lasair ar líne 3 – Ar líne
- Meán Fómhair 2026: Lá Oiliúna Lasair ar líne 4 – Ar líne
- Deireadh Fómhair 2026: Lá Oiliúna Lasair ar líne 5 – Ar líne
- 12-14 Samhain 2026: Lá oiliúna deiridh ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí, agus cur i láthair beo le maoiniú léiriúcháin a mhealladh do thionscadail – Lár Chathair Chorcaí
- Ní mór rannpháirtithe a bheith in ann freastal ar iomlán na seisiún oiliúna ar líne agus ar an láthair.
- Le linn an tionscnaimh oiliúna chuimsithigh seo, gheobhaidh rannpháirtithe bunoiliúint lena dtionscadal gearrscannán faisnéise a fhorbairt go cruthaitheach, agus cuimseoidh sé seo ceardlanna, máistir-ranganna, cás-staidéir agus comhráite pearsanta le déantóirí clár faisnéise seanbhunaithe. Reáchtálfar an oiliúint ar fad i dtimpeallacht phearsanta, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann leas a bhaint as cur chuige praiticiúil; go n-éascófar an uas-acmhainneacht foghlama agus deiseanna uasta le líonrú a dhéanamh agus caidrimh úra a chothú.
- Cuirfear lóistín ar fáil do suas le beirt rannpháirtithe in aghaidh an tionscadail ag Docs Ireland agus Féile Idirnáisiúnta Scannán Chorcaí. Cuimseofar creidiúnú saor in aisce don dá fhéile fosta.
- Bheadh muid buíoch dá ndéanfá, agus d’iarratas á chur isteach agat, foirm Chomhionannas, Ilchineálacht & Ionchuimsitheacht Lasair a chomhlánú don dá bhall de d’fhoireann chruthaitheach. Is foirm iomlán anaithnid í seo agus úsáidtear í le monatóireacht ilchineálachta a dhéanamh d’Fhéile Idirnáisiúnta Chorcaí agus Docs Ireland. Tá an fhoirm ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge.
- Bíonn an fhaisnéis ar fad a sholáthraíonn iarratasóirí faoi rún daingean agus stóráiltear í go slán i gcomhréir le rialacháin RGCS. Ní roinnfear do chuid faisnéise le haon tríú páirtithe.
Má bhíonn aon cheisteanna agat i dtaca le clár Lasair, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le roisin@docsireland.ie.